Lch.
1
Páirc spraoi
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun againn páirc
spraoi a fhorbairt do ghasúir an cheantair.
Tá
muid á phlé seo le dreamanna a bhfuil talamh
poiblí ina seilbh, agus muid ag iarraidh suíomh
feiliúnach a aimsiú.
Tá airgead geallta dúinn ag...
More
Lch.
1
Páirc spraoi
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun againn páirc
spraoi a fhorbairt do ghasúir an cheantair.
Tá
muid á phlé seo le dreamanna a bhfuil talamh
poiblí ina seilbh, agus muid ag iarraidh suíomh
feiliúnach a aimsiú.
Tá airgead geallta dúinn ag
MFG lena aghaidh seo, agus beidh airgead ón
bpobal le bailiú freisin.
Tá cruóg leis an obair
seo anois – mura n-aimseoidh muid suíomh
feiliúnach go luath, tá an baol ann go gcaillfidh
muid an t-airgead atá curtha i leataobh ag
MFG don obair seo.
Beidh cruinniú poiblí ann i
rith an tsamhraidh leis an gceist seo a phlé.
Cosán Bhaile Ard
Tá sprioc ag an gComhlacht Forbartha ó 1999
i leith cosán, soilse poiblí agus claí nua a chur ar
an mbóthar idir an tIonad Leighis agus eastát
tithe Radharc na Rún.
Costas measta suas le
€190,000 atá i gceist leis an obair.
Is baill den
Chomhlacht Forbartha a fuair an talamh ó na
húinéirí talún agus an Chomhairle Contae a
chur an plean le chéile.
Tá na húinéirí talún i
mBaile Ard le moladh as an gc
Less